Job Details

Feidhmeannach Cothabhála Maoine

20-01-23 03:01
Údarás Na Gaeltachta

Job Description

[vc_row][vc_column][vc_column_text]Aidhm an róil

Chun an chothabháil a bhainistiú ar foirgneamh phunann an Údarás i Réigiúin Chonnacht/Laighean.

Príomhdhualgais an Róil:

  • Plean cothabháil a chuir in áit don phunann maoine leis an mBainisteoir Réigiúnach Maoine – ag oibriú le conraitheoirí/ comhairleoirí mar is cuí,
  • Bainistiú agus ag obair ar mháistir phlean leis an mBainisteoir Réigiúnach Maoine ar athfhorbairt ó ham go am
  • Bainistiú cothabháil mar is cuí punann maoine i Réigiúin Chonnacht/Laighean.
  • Plean cothabháil a fhorbairt do oifigí an Údarás i Réigiúin Chonnacht/Laighean.
  • Páirteach i mbainistíocht maoine an phunann gteic – máistirplean & cothabháil
  • Dul chun cinn a dhéanamh ar cúrsaí inbhuanaitheachtsa phunann faoi do chúram agus cabhrú leis an Rannóg agus an eagraíocht dul chun cinn a dhéanamh
  • Ionchur ar an straitéis soláthraí don Rannóg Maoine mar is cuí agus cloí leis na rialacha
  • Na billí a bhaineann leis an méid thuas a íoc (fóntais, rataí, conraitheoirí srl).
  • Foireann cothabháil an Ard-Oifig a bhainistiú
  • Socruithe rochtana

o amhairc ó chliaint ionchasacha (polasaí le leanúint) o aistriú chuig an tionónta (polasaí le leanúint) o tionóntaí ag fágáil (polasaí le leanúint)

  • S&S – chinntiú go ndéantar measúnuithe riosca ar obair mar a theastaíonn (polasaí le leanúint)
  • A chinntiú go dtugtar stádas cóir cuí don Ghaeilge i ngach gné d’obair na rannóige.
  • Aon dualgas eile a chuireann an Ceannasaí Maoine leis an bpost, de réir riachtanais na heagraíochta, ó am go ham.

Job Requirements

Cáilíochtaí Acadúla & Gairmiúla

  • Ballraíocht a choimeád i gCumann Suirbhéirí Cairte na hÉireann nó a chomhionann.
  • Cáilíochtaí Acadúla – Céim Bhaitsiléara Onóracha 3ú leibhéal (Leibhéal 8) nó a chomhionann.
  • Cáilíocht céime i ngnó, bainistíocht mhaoine, bainistíocht saoráidí nó réimse gaolmhar.

Tréithe Pearsanta, Eolas, Scileanna agus Taithí

Léireoidh an té a cheapfar inniúlachtaí an méid seo a leanas:

  • Taithí fhairsing agus scileanna iomchuí i réimsí bainistiú maoine, dtógáil, costais tógála agus soláthar poiblí,
  • Taithí trí bliana ar a laghad i ról gaolmhar,
  • Taithí meastacháin tógála ina bhuntáiste,
  • Scileanna láidre anailíse agus smaointeoireachta criticiúla,
  • Inniúlacht mhaith i labhairt agus i scríobh na Gaeilge,
  • Cumas oibriú de réir spriocdhátaí dochta le tosaíochta agus ar láthair éagsúla,
  • Cumas chun smaoineamh go cruthaitheach agus oibriú go héifeachtach i dtimpeallacht atá ag fás agus ag athrú go tapa,
  • Scileanna cumarsáide den scoth, i nGaeilge agus i mBéarla, i scríbhinn agus ó bhéal,
  • An cumas oibriú as do stuaim féin agus mar chuid d’fhoireann i rannóg gnóthach,
  • Cumas i bhfeidhmiú córais ríomhaireachta airgeadais agus pacáistí caighdeánacha ríomhaireachta ar nós MS Word, Excel

agus Powerpoint. Scileanna teicneolaíocht dea-fhorbartha lena n-áirítear eolas láidir oibre ar MS Office,

  • Tuiscint ar réimse oibre an Údaráis lena n-áirítear cúrsaí fiontraíochta, fostaíochta forbairt phobail agus pleanáil teanga,
  • Cumas cruthaithe sonraí casta a anailísiú agus torthaí a chur i láthair ar bhealach soiléir
  • Scileanna eagrúcháin láidre in éineacht le haird ar mhionsonraí
  • Scileanna láidre cumarsáide, idirphearsanta agus réiteach coimhlinte a theastaíonn chun bainistíocht athraithe a sheachadadh trí idirghníomhaíochtaí le baill foirne saothair dhírigh, ionadaithe foirne, agus oifigigh cheardchumann.
  • Scileanna idirbheartaíochta den scoth agus an cumas tionchar a imirt ar thríú páirtithe.
  • Tacaíocht a thabhairt le hoiliúint Innealtóirí/ Suirbhéirí nua trí scéimeanna scoláireachta Údarás na Gaeltachta chun a n-inniúlacht a fheabhsú agus obair i dtreo bhallraíocht in Institiúidí Aitheanta.

Beidh taithí sna réimsí thíos riachtanach chun dul chun cinn sa ról agus cuspóirí na Rannóige a bhaint amach:

  • Taithí ar réiteach fadhbanna a mbeidh smaointeoireacht lasmuigh den bhosca i gceist leis.
  • Taithí i seachadadh seirbhíse agus fócas láidir ar cháilíocht agus ar sheirbhís do chustaiméirí.
  • Taithí ar fhoireann foirne a bhainistiú agus a fhorbairt lena n-áirítear córais bhainistíochta feidhmíochta foirmiúla.
  • Taithí réimse conradh agus conraitheoirí a eagrú agus a bhainistiú agus a taithí agus scríobh agus ag aontú scóip oibre.
  • Cumas aird ar leith a thabhairt ar mhionsonraí agus freagairt do spriocdhátaí dochta.
  • Foireann a bhainistiú, a eagrú agus a fhorbairt chun cabhrú le bainistíocht ár mhaoine.

Tá sé tábhachtach go mbeadh an duine aonair tiomáinte, féin-spreagtha, in ann tionscnamh a ghlacadh chomh maith leis an gcumas foirne a threorú.

Role relevant to what type of surveyors:

Quantity Surveyors, Commercial (Agent) Surveyors, Property Management & Facility Manager Surveyors, Building Surveyors, and Planning & Develop Surveyors.

Location : Na Forbacha, Co. na Gaillimhe

Contact details for applicants:

An Feidhmeannach Acmhainní Daonna

An Rannóg Acmhainní Daonna,

Údarás na Gaeltachta,

Na Forbacha,

Co. na Gaillimhe.

Teil: (353) 91 503100

R-phost: foluntais@udaras.ie

www.udaras.ie[/vc_column_text][/vc_column][/vc_row]

Contact Email: foluntais@udaras.ie
[addtoany]
Back To Top