Job Details
Suirbhéir Maoine (Property Surveyor)
Job Description
[vc_row][vc_column][vc_column_text]An Rannóg Maoine Tá an Rannóg Maoine freagrach as buiséad bliantúil tógála de timpeall €10m agus buiséad cothabhála bliantúil de €2.5m mar aon le maoin agus áiseanna le glanluach de €74m (Ráitis Airgeadais 2019). Tá punann maoine leathan agus éagsúil ag an Údarás ina bhfuil éagsúlacht mhór cliant agus úsáid á bhaint as na foirgnimh. Tá an Rannóg freagrach as punann pháirceanna gnó agus réadmhaoine tionsclaíocha a bhainistiú agus a chothabháil a chuimsíonn talamh, eastáit, foirgnimh agus tithe. Cuimsíonn an phunann 50 páirc ghnó le timpeall 570 aonad réadmhaoine le hacra de 250,000m2 le bainistiú. Tá achar iomlán de 3,400 acra faoi úinéireacht ÚnaG, comhdhéanta de 2,100 acra de thalamh portaigh, 64 acra de choillte, thart ar 100 acra ligthe amach mar thalamh feirmeoireachta, thart ar 100 acra atá le díol agus timpeall 400 acra ar fáil le forbairt agus tá na hacraí eile forbartha cheana. Chomh maith leis sin tá an rannóg ag díriú ar fhuinneamh in-athnuaite a fhorbairt (e.g. scéimeanna téimh, foirgneamh / iarfheistiú) agus forbairt a dhéanamh ar na hionaid chóireála séarachais. Beidh sé / sí líofa i nGaeilge. Tá an post lonnaithe in Ardoifig an Údaráis sna Forbacha, Co. na Gaillimhe.[/vc_column_text][/vc_column][/vc_row]
Job Requirements
[vc_row][vc_column][vc_column_text]Dualgais:
• Plean do chothabháil bhliantúil a chur ar fáil agus an buiséad a aontú leis an bhFeidhmeannach Maoine Réigiúnach (FMR) agus an Feidhmeannach Seirbhísí Maoine (FSM) / Ceannasaí Maoine (CM) maidir le foirgnimh atá saor.
• Plean do chothabháil bhliantúil a chur ar fáil agus an buiséad a aontú leis an FMR agus an FSM/ CM (ar na heastáit).
• Plean cothabhála – foirgneamh roinnte (gteic, ionad fiontraíochta srl) – Plean do chothabháil bhliantúil a chur ar fáil agus an buiséad a aontú leis an FMR agus an FSM/ CM.
• Plean maoine inbhuanaitheach bliantúil a chur ar fáil do gach eastát/ páirc ghnó agus na gníomhaíochtaí a bhainistiú.
• Cabhrú le clár oibre na Rannóige ó thaobh eolais a chur ar fáil ó thaobh cuspóirí inbhuanaitheacha.
• Cumas cásanna gnó, tuarascálacha agus moltaí a sholáthar chun tacú le hathrú agus feabhsúchán.
Feidhmeannach Acmhainní Daonna & Forbartha Foirne Rphost: foluntais@udaras.ie
[/vc_column_text][/vc_column][/vc_row]